Share to: share facebook share twitter share wa share telegram print page

Splonk

Bosca Sonraí NuachtánSplonk
Cineálirisleabhar
Cárta innéacs
TeangaAn Béarla agus an Ghaeilge
Am tosaigh01/05/2019
Áit a fhoilsitheÉire
Tréith
Eatramh foilsitheLeathbhliantán; ar sos
SeánraSplancfhicsean
PríomhábharGearrscéalta, agallaimh
Eagarthóir
PríomheagarthóirNuala Ní Chonchúir
Rochtain oscailteIs ea
PraghasSaor in aisce
Eagrán12[nóta 1]
Formáid dáilteAr líne

Suíomhhttps://splonk.ie/

X: splonk1 Bluesky: splonk.bsky.social Mastodon: Splonk@mastodon.ie Instagram: splonkflash Cuir in eagar ar Wikidata

Is iris splancfhicsin í Splonk.[1] Tá sí ilchineálach ó thaobh seánra de agus foilsíonn míreanna ó fud fad an domhain.[2][3] Tá aitheantas tuilte aici mar iris ar leith, an t-aon iris Éireannacha atá dírithe go hiomlán ar splancfhicsean ar líne.[4][5] Leathbhliantán atá inti go hiondúil. Tá sí ar sos ó eisíodh eagrán 12 (Samhain 2024) i leith.[6][7]

Tugtar le fios gurb é an focal 'splanc' a thug a hainm don iris; tugtar suntas freisin do chiall mheafarach an fhocail 'splaincín'.[6] Go dtí bunú Splonk, b'fhacthas do Ní Chonchúir nach raibh iris ar bith in Éirinn a bhí ag plé leis an splancfhicsean amháin.[2]

Mar Eagarthóir Físiúil, cuireann an t-ealaíontóir meán measctha Meiriceánach Janice Leagra freagraí i bhfoirm phictiúir leis na scéalta.[8] Tá lucht na hirise ag leagan béim ar míreanna i mBéarla agus i nGaeilge a fhoilsiú ón dtús. Ba í Lisa Nic an Bhreithimh Eagarthóir Gaeilge na hirise óna bunú go ceann trí bliana.[2][8][9] Fógraíodh in 2022 go mbeadh an scríbhneoir Sadhbh Devlin ina hEagarthóir Gaeilge ar an iris feasta.[10]

Ar na scríbhneoirí a fhoilsíodh míreanna dá gcuid i nGaeilge inti tá Gearóidín Nic Cárthaigh,[nóta 2] Sam Ó Fearraigh,[nóta 3] Réaltán Ní Leannáin.[nóta 4] Ar na léaspairtí splancfhicsin a cuireadh faoi agallamh tá Lydia Davis,[nóta 5] Stuart Dybek[nóta 6] agus Kathy Fish.[nóta 7][9][8]

Cur chuige

Glacann Splonk le míreanna maithe beag beann ar sheánra, téama ná ábhar – saothair turgnamhacha nó scéalta díreacha, splancacha le béim ar chúrsaí teanga nó ar an éigiall, stairiúil todhchaíoch, corr gnách, dubhach nó suairc.[2][8] Glactar le hiarratais ó gach cearn den domhan.[3][11] Bíonn na heagarthóirí dall ar na scríbhneoirí agus na hiarratais á meas acu.[2][8]

Foilsítear inti míreanna i dtrí rannóg:[2]

  • SplonkFlash: splancacha suas le 500 focal ar fad, i mBéarla
  • SplonkMicros: suas le 100 focal, i mBéarla
  • SplonkSplanc: suas le 500 focal, i nGaeilge

Déanann na heagarthóirí míreanna áirithe a chur isteach i gcomhair duaiseanna agus díolamaí.[8] Ó am go chéile foilsítear mion-eagráin a bhíonn sé mar sprioc acu na heagarthóirí féin in iúl.[12]

Comhoibriú

Chuir Ní Chonchúir ceardlann faoin fhicsean stairiúil ar siúl mar chuid d'Fhéile Splancfhicsin Bhriostó 2019 maille le painéal cainte, agus ceann eile in 2022.[13][14] Chuir beirt eagarthóirí de chuid na hirise, Lisa Nic An Breithimh agus Marie Gethins, ceardlann splancfhicsin ar siúl ar líne do scríbhneoirí Béarla nó Gaeilge mar chuid d'Fhéile Liteartha Chorca Dhuibhne 2020.[15]

Chuaigh an iris i gcomhar le Duais Splancfhicsin Allingham sa bhliain 2024. Rinne Ní Chonchúir moltóireacht ar an gcomórtas agus foilsíodh na trí mhír ab fhearr in eagrán 12 de Splonk.[16][17]

Glacadh

Mhol an scríbhneoir Mei Chin Splonk mar iris, á rá gur aoibhinn léi gur ann di agus ag moladh an consaeit atá aici. Bíonn na míreanna a fhoilsítear inti go maith, a deir sí, mura mbíonn siad ar aon iomaire le hEin Hungerkünstler Khafka nó le hArcady an tSeoighigh. Luaigh sí áilleacht faoi leith le Stargazey Pie le Rick White.[4][nóta 8]

B'í Splonk a thug a chéad taithí cheart ar an splancfhicsean don úrscéalaí Kevin Power.[18]

Chuir nuachtán mac léinn Choláiste na Tríonóide, The University Times, fáilte roimpi mar iris, ag tuairimiú go bhfeileann sí do dhreamanna óga ach go háirithe.[19]

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. "Author of 'Nora', Nuala O'Connor, at Dalkey Book Fest" (ga ⁊ en). RTÉ.ie (12 Meitheamh 2024). Dáta rochtana: 26 Bealtaine 2025.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 Nuala O'Connor (2019-02-26). "Splonk: A New Irish Flash E-zine" (en). Writing.ie. Dáta rochtana: 2025-05-26.
  3. 3.0 3.1 "First editorial meeting – Splonk" (en). Splonk.ie (2019-01-18). Dáta rochtana: 2025-05-27.
  4. 4.0 4.1 Mei Chin (23/12/2023). "Irish literary magazines: from the visually stunning to the unapologetically plain" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-05-26.
  5. Myles Buchanan (2020-11-21). "Lucky Friday the 13th for Robert" (en). Wicklow People. Dáta rochtana: 2025-05-26.
  6. 6.0 6.1 "About – Splonk" (en). Dáta rochtana: 2025-05-26.
  7. "Splonk – The Irish for Flash" (en). Dáta rochtana: 2025-05-26.
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 8.5 Nuala O'Connor (2021-07-27). "Splonk, the sparky bi-lingual journal for flash fiction - Books Ireland" (en). Books Ireland. Dáta rochtana: 2025-05-27.
  9. 9.0 9.1 Nuala Ní Chonchúir (2024-04-05). "Editorial: Five Years of Splonk" (as Béarla). Splonk (11). 
  10. "Eagarthóir Gaeilge Nua – New Irish Language Editor – Splonk" (en ⁊ ga) (2022-01-20). Dáta rochtana: 2025-05-27.
  11. Alex Reece Abbott ⁊ Nuala Ní Chonchúir (2019-05-23). "Magazine Interview: Nuala O'Connor, Editor-in-Chief of Splonk" (en). TSS Publishing. Dáta rochtana: 2025-05-27.
  12. Nuala Ní Chonchúir (2022-03-25). "Editor’s Note – Splonk Seven" (as Béarla). Splonk (7). 
  13. "Programme" (en-GB). Flash Fiction Festival (2019). Dáta rochtana: 2025-05-27.[nasc briste go buan]
  14. "Programme : July" (en). Flash Fiction Festival (2022). Dáta rochtana: 2025-05-27.[nasc briste go buan]
  15. "Splonk Workshop at Dingle Lit" (as Béarla) (2020-10-09). Splonk. 
  16. "Flash Fiction Competition Judge" (en). Allingham Festival (2024-08-27). Dáta rochtana: 2025-05-27.
  17. Nuala O’Connor (Samhain 2024). "Issue 12 – Editorial" (as Béarla). Splonk (12). 
  18. Kevin Power (2024-12-21). "Kevin Power: Literary magazines are all the more vital for operating off the commercial grid" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-05-26.
  19. Ellen Finnerty (2020-02-12). "With Splonk, Smart Literature for a Smart(phone) Generation" (en). University Times. Dáta rochtana: 2025-05-27.

Nótaí

Prefix: a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9

Portal di Ensiklopedia Dunia

Kembali kehalaman sebelumnya