Splancfhicsean![]() Is ionann splancfhicsean agus stíl litríochta atá fíor-ghonta, nó "fíor-ghearrscéalaíocht", "ina gcuirtear splancíomhánna nó fínéid ar ár súile dúinne".[1][2][3] Táthar ann a rianaíonn a chuid fréamhacha i bhfad siar, fiú amháin chomh fada le fabhalscéalta Aesóip agus níos faide fós,[1] ach tá borradh mór tar éis teacht faoi sa 21ú haois.[4][5] Luaitear céad-úsáid an fhocail i nGaeilge le Gabriel Rosenstock.[6] Ó tharla go bhfuil an nós níos sine na an t-ainm, breathnaítear ar an bhfocal scaití amhail "béarlagair na haoise seo",[7] agus síleann tráchtairí eile go ndéanann sé a bheag den dua a chaitheann scríbhneoirí lena gcuid scéalta.[8] GnéitheGiorrachtNíltear ar aon fhocal faoi fhad na splancscéalta.[1] Ní áirítear saothair atá níos faide ná 1000 focal mar splancfhicsin go hiondúil agus luaitear 400 nó 300 focal freisin.[2][9][10][1] De thoradh ar shrianta a bhíonn i gceist le meáin shóisialta áirithe, tá scéalta faoi bhun 280 litir féin i measc na gcineálacha éagsúla splancfhicsin a scríobhtar.[2] Coinneáil laistigh de 500 focal is ea a éilíonn an iris dátheangach splancfhicsin Splonk agus tá rannóg faoi leith inti do mhicrifhicsean atá faoi bhun 100 focal ar fad.[11] AireBaintear suáilce as gontacht an splancfhicsin de thairbhe go ligeann sé don léitheoir glac scéalta a chur díobh in achar gearr. Déantar comparáid idir iad agus meáin shóisialta áirithe, agus ós rud é go maítear go bhfuil inniúlacht dhaoine a n-aird a dhíriú ar rudaí ag dul i laghad, tuairimítear go mbainfidh daoine atá gafa leis na meáin chéanna taitneamh as na scéalta a bhfuil "líon beag focal iontu ach atá toirtiúil ó thaobh ábhair agus mothúcháin de."[3][12] Bíonn éagsúlacht mhór le braith orthu.[13] Gaoil
Fearacht na meáin shóisialta, déantar comparáid idir an splancfhicsean agus an fhilíocht, agus an ealaín bhéil trí chéile.[13] Bíonn splancscéalta i imeasc na bpíosaí a chloistear ag an oíche focal labhartha REIC.[14][15] Caitear le liricí amhrán áirithe mar splancfhicsean scaití freisin.[4] Ar an taobh eile, is féidir sraith splancscéalta faoi na carachtair chéanna a nascadh le chéile ina nóibhille.[16] Sa GhaeilgeChuaigh an fhéile IMRAM i bpáirt leis an iris liteartha Comhar chun mórléamh splancfhicsin i nGaeilge a chur ar siúl sa bhliain 2011. Coimisiúnaíodh scéalta úra ó raidhse scríbhneoirí aitheanta,[nóta 1] scéalta a bhí le cloisteáil beo agus a fhoilsíodh in eagrán speisialta den iris.[1][6] Níorbh é sin an uair deireanach a cuireadh mórléamh splancfhicsin ar siúl ag an bhféile sin.[13] Is minic freisin a luaitear an splancfhicsean mar théama sna ceardlanna scríbhneoireachta a chuireann Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc i láthair mar chuid den fhéile.[17][18][19][20][21]
Reáchtáil IMRAM comórtas splancfhicsin sa bhliain 2015, i bpáirt le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann agus leis an iris Books Ireland. Foilsíodh scéalta na mbuaiteoirí san iris sin an bhliain dár gcionn.[nóta 2][23][9] Sa bhliain chéanna foilsíodh leabhar de chuid dhuine de na scríbhneoirí céanna, Máire Dinny Wren. Leabhar gearrscéalta is ea Go mbeinnse choíche saor gur féidir go leor acu a áireamh mar splancfhicsean.[24][25] Rinne Áras Scríbhneoirí na hÉireann "an chéad chomórtas splancfhicsin dátheangach a fhógairt do dhaoine óga (idir 16 – 29)" sa bhliain 2018, ar an téama 'Imbolc'.[26][nóta 3][10] Bunaíodh an ríomhiris liteartha Splonk sa bhliain 2019 le díriú go sonrach ar splancfhicsean i mBéarla agus i nGaeilge a fhoilsiú.[27] Is sa bhliain dár gcionn ar thosaigh an iris Channel ag foilsiú beagán ábhair i nGaeilge tar éis dóibh comórtas splancfhicsin a reáchtáil i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann agus le Garraithe Náisiúnta na Lus.[28] Ar sheoladh Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain sa bhliain 2021, rinneadh suntas den chaoi go bhfuil cuid mhaith samplaí úsáide ann "ar geall iad le mionscéalta eachtraíochta, scéilíní astu féin a mblaistear iontu dúil agus cumas dosháraithe Uí Chadhain i mbun pinn."[29][30] Foilsíodh rogha díobh mar leabhar sa bhliain 2025 faoin teideal Dúchan.[31] Tuairimítear gur féidir cuid den ábhar múinteoireachta a chuir an Cadhnach i dtoll a chéile, agus a fhoilsíodh go trítheangach, a áireamh mar splancfhicsean freisin.[32] Foilsíodh Geansaithe Móra le Gearóidín Nic Cárthaigh sa bhliain 2024, leabhar splancfhicsin a phléann "réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha agus ghrá, idir uaigneas agus dóchas." Ghnóthaigh sé an duais mar Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana 2024 ag Gradaim na Leabhar Éireannach.[33][3][5] Sa bhliain 2025 foilsíodh Agus Anois – Beagáinín Ciúnais le Mike Mac Domhnaill, cnuasach corrscríbhinní, stíl a bhfuil "gaol áirithe aici leis an ngearrscéal, leis an splancscéal agus le sruth comhfheasachta idirthéacsúil."[34] Thuairimigh Máirín Nic Eoin gur foirm í an splancfhicsean "a fheileann go maith do scríbhneoirí na Gaeilge."[5] Féach freisinNaisc sheachtracha
Tagairtí
Nótaí
|