Tailte
Ba bhandia í Tailte (Sean-Ghaeilge Tailtiu nó Tailltiu) i Miotaseolaíocht na nGael. SanasaíochtTá ainm an bhandé ann i ndán an dinnseanchais, a insíonn go bhfuil Aonach Tailteann, Contae na Mí ainmnithe ina honóir.[1] Léiríonn anailís teangeolaíochta ámh go bhfuil an logainm fréamhaithe ó iasacht Briotainise, léirithe ag telediw na Breatnaise, "dea-chumtha, álainn." [2] is amhlaidh go bhfuil ainm an bhandé fréamhaithe ón logainm. Miotaseolaíocht na nGaelDe réir Leabhar Gabhála na hÉireann, ba iníon rí na Spáinne í Tailte, agus bean chéile Eochaid mac Eirc, Ard-Rí na hÉireann deireanach de shliocht na Fir Bolg, a thug a hainm dá phríomhchathair, Tailtin. Tháinig sí slán tar éis gabháil na dTuath Dé Danann agus rinneadh ina máthair altrama Lugh di.[3] Deirtear go bhfuair Tailte bás le teann corthachta, tar éis di machairí na hÉireann a ghlanadh le haghaidh talmhaíochta. Bhunaigh Lugh féile fhómhair cluichíochtacluichí adhlactha ina honóir, Aonach Tailteann, a ceiliúradh chomh déanach is an 18ú haois.[3] Stair na hÉireannSan am atá thart, ba dheis é Aonach Tailteann comórtais de nirt agus cumais, agus am buntáisteach do chleamhnas agus lóistín don gheimhreadh. Bhíodh síocháin i réim ag an bhféile, agus bhíodh ceiliúradh reiligiúnach at siúl. Caomhnaítear cuid den fhéile sa cheiliúradh Lúnasa, a athbheodh ar feadh tréimhse sa 20ú haois faoin ainm Cluichí Tailteann.[3] Eagraíodh féile Lúnasa ag Carman (ní fios go cruinn a shuíomh), agus faightear chomh maith dán an dinnseanchais a thugann bréagshanasaíocht don áit. Maíonn an dán go bhfuil an fhéile ainmnithe as Carman, ach a mhalairt, mar an gcéanna le Tailte, is amhlaidh go bhfuil an dia miotaseolaíochta ainmnithe as an áit. I ré na staire, ba é Tailte an baile ina raibh an príomhtionóil de chlann Uí Néill. De réir Locus Project ag CELT[4], bhí cúpla ráth ag Tailte (bandia) i gcúige Mumhan:
Níl sé soiléir gur nó nach ionann Ráth Canann agus Ráth Con. Tagairtí na nAnnálaFéach Annals of Inisfallen (AI)
Tagairtí
|