Lucsamburg
Is tír bheag thalamhiata í Lucsamburg (Lucsamburgais: Lëtzebuerg, Fraincis: Luxembourg, Gearmáinis: Luxemburg), go hoifigiúil Ard-Diúcacht Lucsamburg (Lucsamburgais: Groussherzogtum Lëtzebuerg, Fraincis: Grand-Duché de Luxembourg, Gearmáinis: Großherzogtum Luxemburg) atá suite in iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an bhFrainc, an Ghearmáin, agus an Bheilg. Is ball den Aontas Eorpach í Lucsamburg ó bhunú na heagraíochta. TeangachaTá a dteanga dhúchais féin ag muintir Lucsamburg, Lucsambuirgis, atá an-ghar don Ghearmáinis ach a bhfuil rian den Fhraincis agus den Ollainnis le brath freisin uirthi. Mar sin féin, is í an Fhraincis an teanga a bhfuil ardmheas aici sa tír agus tá reachtaíocht go léir i bhFraincis. Tá trí theanga oifigiúil ann: Fraincis, Gearmáinis agus Lucsambuirgis. De ghnáth, úsáideann muintir Lucsamburg
Úsáideann rialtas Lucsamburg Fraincis don chuid is mó. Tá 60% de dhaonra Lucsamburg ábalta Béarla a labhairt freisin. Úsáidtear an Fhraincis agus an Ghearmáinis mar theangacha scríofa sa tír, ach le déanaí, tá an Lucsambuirgis ag éirí níos tábhachtaí mar theanga liteartha. Institiúidí an Aontais EorpaighTá an Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lonnaithe i Lucsamburg. Chomh maith le sin, tá Comhairle an Aontais Eorpaigh lonnaithe i Lucsambarg gach Deireadh Fómhair freisin. Tagairtí]
|