Breitheamh Meiriceánach ab ea Judith Ann Kaye (Smith roimh phósadh di; 4 Lúnasa 1938 i Monticello, NY– 7 Eanáir 2016) agus duine de na breithiúna is mó le rá i Stát Nua-Eabhrac agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar fad.[1]
Bhí Kaye ina mac léinn oíche i Scoil Dlí Ollscoil Nua-Eabhrac. Bronnadh céim uirthi sa bhliain 1962, tráth nach raibh ach scata beag ban ag an mbarra.
Bhí sí ag dlíodóireacht i Nua-Eabhrac ó 1962 go 1983. Ghnóthaigh sí cáil mar dhlítheoir tráchtála oilte.
Sa bhliain 1983 ceapadh ina breitheamh de Chúirt Achomharc Stát Nua-Eabhrac í, an chéad bhean le bheith ina ball den chúirt sin. Bhí sí ina Príomh-Bhreitheamh ar Stát Nua-Eabhrac ó 1993 go dtí gur éirigh sí as i 2008.
Chuir An Cumann Stairiúil de chuid Chúirteanna Nua-Eabhrac an gearrchuntas beathaisnéise seo amach sa bhliain 2007.