Gavrilo Princip
![]() Ba é Gavrilo Princip (Seirbis Choireallach:Гаврило Принцип) (25 Iúil, 1894 – 28 Aibreán, 1918) an duine a d'fheallmharaigh Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire agus a bhean chéile Sophie, Bandiúc Hohenberg, ar 28 Meitheamh 1914, i Sairéavó. Seirbiach Boisniach ab ea Princip. Creidtear go raibh sé ag obair ar son na Láimhe Duibhe (Crna ruka), grúpa a bhí ag troid ar son neamhspleáchais don Bhoisnia. Bactar iarracht ní ba luaithe na náisiúnathaite Seirbeacha ar é a fheallmharú.[1] IarmhairtíBa ea dúnmharú Franz Ferdinand a chuir tús ar shraith imeachtaí a tharla go gairid ina dhiaidh. Fadú leis an teannas idir an Ostair-Ungáir agus an tSeirbia ba ea an feallmharú. Deirtear uaireanta fiú gur thosaigh An Chéad Chogadh Domhanda mar thoradh ar an eachtra seo. ![]() Níor gearradh pionós an bháis ar Phrincip mar bhí sé ró-óg ag an am (19 bliain d'aois). Fuair Princip bás d'eitinn i 1918, agus é fós faoi ghlas. Tagairtí
![]() Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann le: Gavrilo Princip.
|