Conchúr Ó Mathúna
Íosánach as Múscraí agus ollamh le diagacht ba ea Conchúr Ó Mathúna nó Conor O'Mahony, srl[1] (c. 1594 - 28 Feabhra 1656).[2][3] Náisiúnaí Caitliceach ba ea é chomh maith agus chuir sé fís shimplí chun cinn ina leabhar (Disputatio apologetica...)[4] a d'fhoilsigh sé sa bhliain 1645: muintir na hÉireann prionsa Caitliceach dúchais a tharraingt chucu féin in ionad Shéarlais 1,[5] agus na Protastúnaigh go léir a mharú nó a ruaigeadh as an tír. SaolChuaigh an Mathúnach isteach i gColáiste na nGael in Sevilla tuairim 1614 agus oirníodh é 21 Nollaig 1619. Ansin Lá ‘le Pádraig 1621, chuaigh sé isteach i nóibhíseacht na nÍosánach i Liospóin. Cuireadh é i 1626 go dtí Angra sna hAsóir mar ollamh le fealsúnacht mhorálta ar feadh seacht mbliana.[6] Tugadh cathaoir na fealsúnachta morálta in Evora[7] dó i 1633. Thug sé a phroifisiún deiridh mar Íosánach i 1636 agus d’aistrigh go Liospóin mar a raibh cathaoir na diagachta dogmaí aige ar feadh cúig bliana.[6] Fuair an Mathúnach bás tobann i Liospóin ar 28 Feabhra 1656 agus in aois 62 dó. Níl an tsiocair bháis a bhí aige ar eolas againn ach bhí sé i mbarr a shláinte ag an am, nó sin a dúradh. ![]() Saothar agus gríosú chun fuathaSa bhliain 1645, d'fhoilsigh an Mathúnach leabhar 'Disputatio apologetica...', nó 'An argument defending the right of the kingdom of Ireland'.[9] a tharraing conspóid agus aird na hÉireann air.[10] ‘Ina leabhar tharraing sé gan bac as teagasc Bellarmine is Suárez agus chosain sé go láidir an teoiric gur tríd an bpobal ('sed mediante humana voluntare') a fuair na ríthe a gcumhacht agus, mar sin, go raibh sé de cheart ag pobal tíoránach nó eiriceach de rí a athrí’.[5] Bhí an ceart ar fad, dar leis, ag na Gaeil éirí amach i gcoinne na n-eiriceach sa bhliain 1641; mharaíodar 150,000 acu idir 1641 agus 1645.ǃ As síolteagasc Shasana ar an mór-roinn a thóg sé an figiúr sin na marbh, is cosúil, figiúr thar cailc ar fad.[11][12][13] Ba é a bhí le déanamh anois, dar leis an chuid eile a mharú nó a ruaigeadh as an tír. agus ba cheart dóibh leanúint orthu go dtí go mbeadh Éire glan díobh ('sicut Hebrei fecerunt & Deus praecepit̠'). Ba cheart do na Gaeil sampla na nIosraeilíteach fad ó shin is sampla na Portaingéile ó chianaibh a leanúint, forlámhas na n-eiriceach a bhriseadh go deo agus rí Caitliceach dúchais dá gcuid féin ('regem Catholicum, & vernaculum seu naturalem Hibernum') - a thoghadh; ó b'eiriceach is ó b'eachtrannach é Séarlas, ní raibh aon teideal aige chun coróin na hÉireann agus níor ghá do Chaitlicigh aon ghéillsine a thabhairt dó; níorbh aon pheaca é rí eiriciúil a mharú. Gríosú chun fuathaIs cinnte gur tugadh aird ar an leabhar, ní hamháin nuair a foilsíodh é ach go cionn tamaill fhada ina dhiaidh sin agus is cinnte gur mhúscail an leabhar díospóireacht athuair ar cheist bhunúsach na dílseachta don choróin. Is beag bá a nocht an t-uaslathas Caitliceach leis: tugadh seanmóirí ina choinne ar fud na tíre agus d'ordaigh Comhchomhairle Chill Chainnigh go ndóifí go poiblí é. Ach de réir na fianaise a tógadh síos ó na plandóirí bhí go leor de na ceannaircigh, i measc an daoscair go háirithe, a bhí ag cuimhneamh mar a bhí Ó Mathúna; ar rí dúchais dá gcuid féin a bheith orthu athuair; rí dúchais mar mhalairt ar rí iasachta, an uaisle dhúchais i réim in ionad eachtrann.[5] Féach freisinTagairtí
|