Fear spóirt agus láithreoir teilifíse Éireannach is ea Colm Ó Ruairc (Béarla: Colm O'Rourke; rugadh in Achadh an Mheasa, Contae Liatroma é ar an 31 Lúnasa 1957). Bhí gairmréim rathúil aige mar pheileadóir le foireann idirchontae na Mí ar feadh scór bliain idir 1975 agus 1995. Nuair a d'éirigh sé as imirt sa bhliain 1995, bhí dhá bhonn buaite aige i gCraobh na hÉireann, cúig bhonn i gCraobh Laighean agus trí ghradam Sárimreoir.
Is múinteoir scoile é, agus bíonn sé le feiceáil mar aoi agus tráchtaire ar an gclár spóirt The Sunday Game.