Colm Broderick
Is píobaire as Contae Cheatharlach é Colm Broderick atá ag dul i bhfeidhm go mór ar shaol cheol traidisiúnta na hÉireann. Tá duaiseanna Uile-Éireann gnóthaithe aige mar gheall ar a chumas agus a dhíograis, mar atá Bonn Óir Sheáin Uí Riada. Seinneann sé ag féilte agus ócáidí eile ar fud na hÉireann agus thar lear, le ceoltóirí agus grúpaí iomráiteacha go minic. Fágann a chuid cruinnis agus an tuiscint dhomhain atá aige ar dhúchas an cheoil go mbíonn an-ghlaoch air i saol an cheoil in Éirinn. Chomh maith lena chuid ceolchoirmeacha, tá Colm an-tugtha do leanúnachas an traidisiúin. Múineann sé ceol do dhaoine ar an láthair agus ar an idirlíon, foghlaimeoirí den uile leibhéal á dteagasc aige. Bíonn sé ina theagascóir go rialta ag Scoil Samhraidh Willie Clancy agus is minic leis a bheith i láthair ag cruinniú píobairí i bhfad ó bhaile, é ag cuidiú leis an gceol agus an uirlis a chur chun cinn agus a chaomhnú. Sa bhliain 2019, chuir Na Píobairí Uilleann píb Liam Óig Uí Fhloinn (nach maireann) faoi choimirce Choilm, aitheantas faoi leith do dhúthracht an fhir óig i mbun na ceirde. Tá oidhreacht faoi leith ag rith leis an bpíb agus tá Colm tugtha go hiomlán dá gcoinneáil i gcaoi mhaith agus dá seinm mar is dual. Leanann Colm, ar i gCiarraí atá a chónaí anois, ag ceol, ag teagasc agus ag fónamh do thraidisiún na píobaireachta ionas go mbíonn rath ar an gcéad ghlúin eile ceoltóirí chomh maith. Bronnadh Ceoltóir Óg na Bliana ag Gradaim TG4 air sa bhliain 2025. Tagairtí
|