CLG Feadamar
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Feadamar. SuíomhTá sé bunaithe i bparóiste Feadamar in lár Chontae Luimnigh, 16km ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór a imreoirí as baile Feadamar agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós An Carnán, Baile an Fhainínigh agus Páirc na Carraige. CluichíCé go bhfuil traidisiún an iomána níos láidre sa cheantar, imrítear peil agus an iomáint sa chlub. StairPáirc ImearthaTá páirc imeartha Feadamair suite i mBuaile an Bhoird, 1km siar ó lár an bhaile. Imreoirí CáiliúlaI measc iománaithe cáiliúla Feadamair, tá Pádraig Ó Clochasaigh (Paddy Clohessy) a bhí ar fhoirne Luimnigh na bliana 1934, 1936 agus 1940 nuair a bhuadar Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann agus Éamonn de Phrionnbhíol (Eddie Prendeville) ar imir ar fhoireann an chontae le linn blianta na 1970í.
Naisc sheachtracha
Tagairtí
|