C. J. Ó Maolmhuaidh
Is lúthchleasaí Meiriceánach é C. J. Ó Maolmhuaidh (Béarla: C.J. Molloy) (rugadh 1989). D'imir sé do Nua Eabhrac i gCraobhchomórtas Sinsear Peile na hÉireann. Luathshaol agus oideachasRugadh Ó Maolmhuaidh i 1989. Mac le Connie Ó Maolmhuaidh, bainisteoir agus iarimreoir le foireann Nua Eabhrac, é [1][2] agus is as Hawthorne, atá timpeall tríocha míle lastuaidh de Manhattan, ó dhúchas é. Is nia le hAntóin Ó Maolmhuaidh, an captaen a bhain Craobh na hÉireann i 1992, é.[3] Chaith sé samhraí i nDún na nGall, i nGaillimh agus i dTrá Lí nuair a bhí sé óg.[4] Fuair Molloy scoláireacht cispheile ó Union College atá suite trí uair go leith ó Chathair Nua-Eabhrac. Mar sin féin, d'fhill sé ar an Bronx trí huaire sa tseachtain le freastail ar thraenáil peile. Ar deireadh thiar d'éirigh sé as an chispheil i ndiaidh cúpla mí le díriú ar an pheil.[5] Rinne sé staidéar ag Union College idir 2007 agus 2011, agus bhain sé céim Baitsiléir Ealaíon amach in Eolaíocht Pholaitiúil agus Rialtas. Rinne sé Máistreacht RiaracháIn Gnó i mBainistíocht in Ollscoil Iona idir 2012 agus 2014.[6] Gairm ImearthaD’imir Ó Maolmhuaidh d’fhoirne Nua-Eabhrac i gcomórtais Fhéile uile-Éireann faoi-14 i 2002 i gCeatharlach agus i 2003 i nGaillimh.[4] D'imir Ó Maolmhuaidh a chéad chluiche sinsearach le Nua-Eabhrac i 2008 i gcluiche in éadan Liatroma.[5][2][7] Cuireadh as é in 2013 nuair a d’fhág Nua-Eabhrac an Chraobh i ndiaidh dóibh cailleadh in éadan Liatroma, a bhí ag pilleadh ar an Bronx don chéad uair ó chéad chluiche Uí Mhaolmhuaidh.[8] D’imir sé i gcluiche All Stars 2012 agus scóráil sé cúl.[5] Bhuail sé le bainisteoir Dhún na nGall, Jim McGuinness, ansin agus thug McGuinness cuireadh go Dún na nGall d'Ó Maolmhuaidh.[9] D’eitil Ó Maolmhuaidh go Dún na nGall. Bhí sé rannpháirteach le foireann chontae Dhún na nGall ó tháinig sé i lár mhí Feabhra 2014 ach scar sé uathu in 2015 agus é ag streachailt le gortuithe. Nuair a bhog Ó Maolmhuaidh go hÉirinn, chuaigh sé ag imirt do chlub a uncail, Ard an Rátha.[10] Níor imir sé dóibh go dtí roimhe sin.[4] Bhí sé ina chaptaen club.[11] In 2016, bhí páirt Ó Maolmhuaidh i bhfíseán Peil Ghaelach sráide— Peil Star 2 — le himreoirí Átha Cliath Shane Ó Carthaigh agus Diarmuid Ó Conghaile. San fhíseán, ciceann Connolly peil trasna na Life i mBaile Átha Cliath.[1] Scóráil sé iomaitheoir do chúl an tséasúir i gcoinne Seaimpíní Sinsear Peile Dhún na nGall, Gleann tSúilí, in 2017, cé gur chaill a fhoireann an cluiche.[12] Go díreach ó chaitheamh isteach an dara leithe, d'imigh sé ar ruathar aonair trí chosaint Ghleann tSúilí agus chiceáil sé an liathróid isteach sa líon ó fhad timpeall 25 slat.[13] Bhí sé ag obair le McCann Fitzgerald idir Aibreán 2016 agus Feabhra 2018 nuair a bhog sé go Sanne Group.[6] Chaith sé an tréimhse idir Meán Fómhair 2015 agus Márta 2016 le Maples and Calder i mBaile Átha Cliath, agus d'oibrigh sé le Wilson Esler roimhe sin idir 2011 agus 2013.[6] Tagairtí
Naisc sheachtracha
|