An Triúr Saoithe
I dtraidisiún na Críostaíochta, tugtar an Triúr Saoithe (Gréigis: μάγοι, magoi) ar na ríthe a thaistil chuig Beithil chun bronntanais a thabhairt don leanbh Íosa Críost. Ní luaitear iad ach i Soiscéal Mhatha amháin, ach cuimhnítear iad fós i gceiliúradh na Nollag. Níor luaigh Matha cé mhéad rí a bhí ann ach oiread, ach dar leis an traidisiún bhí triúr ann mar gur trí bhronntanas a dáileadh: mar a bhí, ór, túis agus miorr. Soiscéal Mhatha”Nuair a chuala na Saoithe caint an rí, d’imigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d’umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorr. ![]() (Soiscéal Mhatha 2:1-11)[1] ![]() Tá traidisiúin fad-bhunaithe gurbh duine as gach cine a bhí i gceist leis na trí Saoithe,[2] - a dtugann na traidisiúin Caspar, Meilcíór[3] agus Baltazár[4] (fear gorm) orthu. An scéal do leanaí"Cúpla mí roimhe sin, thug triúr saoithe tábhachta réalta nua faoi deara sa spéir. Chreid siad gur chomhartha é an réalta nua ná go mbéarnfaí rí nua go luath. Chaith siad tamall fada ar a gcamaill ag leanúint an réalta agus d’aimsigh siadsan Muire, Iósaf agus a mBabaí nua freisin. Bhí ríméad ar Mhuire agus Iosaf an méid sin cuairteoirí a bheith acu..."[5] Scéal nó finscéal ?Níl aon tuairisc sa mBíobla gur tháinig triúr ríthe ar chamaill go dtí an áit a raibh Íosa. Deirtear cinnte gur tháinig “magi” (eagnaithe nó saoithe) ach ní deirtear go díreach gur triúr acu a bhí ann.[6] Ní dhearna na chéad Chríostaithe amach ar chor ar bith gur ríthe a bhí iontu agus níor luaigh siad cén tír as a dtáinig siad. Is fíor go ndeirtear sa mBíobla gur bronnadh ór, túis agus miorra air. Ach d’fhéadfadh níos mó ná triúr a bheith i láthair nuair a rinneadh an bronnadh. Ar aon chor, níl sé soiléir beag ná mór gur le linn dó a bheith sa mainséar a tharla sé. An EipeafáineCiallaíonn an focal Eipeafáine ‘splanc léargais’. Déanann féile na hEipeafáine ceiliúradh ar an gcuairt a thug na Triúr Saoithe ar an stábla chun onóir a thabhairt d’Íosa.[7] Tá siombalachas ag baint leis na bronntanais a thug na Saoithe:
![]() NósannaReáchtáladh mórshiúlta ar fud an domhain.[8] Féach freisinTagairtí
|